Fógraíonn SmartBay Ireland Scoláireacht nua um Máistreacht i dTaighde le GMIT
Tá ríméad ar SmartBay Ireland, i gcomhar le hInstitiúd Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (GMIT), glao ar iarratais a fhógairt le haghaidh Clár Scoláireachta nua um Máistreacht i dTaighde. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal taighde, a gcuirfear tús leis i mí Eanáir 2021, sraith d’acmhainní oideachais iarbhunscoile a fhorbairt i réimse fhuinneamh in-athnuaite na mara.
Tá an scoláireacht ar fáil mar gheall ar chomhpháirtíocht idir SmartBay Ireland, GMIT, Údarás na Gaeltachta, Foras na Mara agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Tá an scoláireacht deartha chun maoiniú agus tacaíocht a chur ar fáil d’iarratasóir i nGaeltacht Chonamara agus chun feasacht a ardú maidir le tuiscint ar an aigéan, fuinneamh in-athnuaite na mara, agus inbhuanaitheacht trí oideachas i scoileanna áitiúla. Gheobhaidh an t-iarratasóir rathúil maoiniú ar luach €44,500 thar thréimhse dhá bhliain an tionscadail.
Díreoidh an tionscadal ar ullmhú agus ar sheachadadh acmhainní ag leibhéal iarbhunscoile, i mBéarla agus i nGaeilge araon, agus beidh gnéithe éagsúla de stór eolais na mara agus an fhuinnimh in-athnuaite mar chuid de. Cuimseoidh an taighde anailís ar na siollabais agus na sonraí reatha iarbhunscoile chun gnéithe an churaclaim a aithint a bhféadfaí cur leo trí chomhoibriú leis an gclár náisiúnta um fhuinneamh an aigéin.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag John Breslin, Bainisteoir Ginearálta SmartBay Ireland: “Tá an-bhród agus ríméad ar SmartBay Ireland an chéad Scoláireacht Taighde de chuid SmartBay a sheoladh, i gcomhar le GMIT, le tacaíocht ónár gcomhpháirtithe maoinithe. Is é an aidhm atá againn le SmartBay ná lorg dearfach agus fadtéarmach a fhágáil ar an bpobal áitiúil ó thaobh na timpeallachta, an tsaoil shóisialta agus an gheilleagair de. Is deis iontach í an scoláireacht seo don iarratasóir rathúil, ní hamháin le dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm bheatha, ach chun bheith ag croílár fhorbairt acmhainní oideachais chun tionchar dearfach agus buan a imirt ar an gcuraclam iarbhunscoile. Táimid ar bís maidir le cumas an tionscadail seo feasacht agus tuiscint a thógáil ar an gcumas ollmhór atá ag ár n-acmhainní fuinnimh gaoithe, tonnta agus taoide amach ón gcósta a d’fhéadfadh cuidiú le hÉirinn aistriú go geilleagar ar bheagán carbóin.”
Beidh an glao seo ar oscailt go dtí an 25 Samhain, agus tá iarratasóir á lorg a bhfuil taithí aige/aici mar oideoir iarbhunscoile, i réimse na heolaíochta más féidir, le hinniúlacht agus líofacht sa Ghaeilge. Tá seoladh baile i nGaeltacht Chonamara inmhianaithe. Thar aon rud eile, ní mór don iarratasóir díograis agus paisean bheith acu don oideachas, do thionscnaimh san eolaíocht saoránach agus do thionscadail a bhaineann le forbairt pobail, chun an leas is fearr a bhaint as an deis seo.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Róisín Nash, Léachtóir ag GMIT agus Maoirseoir Scoláireacht Taighde SmartBay: “Is deis iontach í seo a d’oirfeadh d’iarratasóir díograiseach a bhfuil paisean acu don oideachas, do chúrsaí muirí agus don inbhuanaitheacht. Ag am a bhfuil taighde agus bainistíocht acmhainní riachtanacha muirí ina bpríomhghnéithe de thodhchaí inbhuanaithe, is tionscadal uathúil é seo a bhfuil go leor deiseanna ann don iarratasóir chun bheith cruthaitheach agus tionchar a imirt chun fuinneamh muirí agus in-athnuaite a thabhairt isteach sa seomra ranga.”
Le hIarratas a chur isteach ar Scoláireacht Taighde SmartBay Ireland:
Tá na sonraí go léir maidir leis an scoláireacht taighde iarchéime agus maidir leis an nós imeachta iarratais ar fáil ar an leathanach Folúntais Taighde ar láithreán gréasáin GMIT. Ní mór gach iarratas a chur isteach chuig Oifig Taighde GMIT. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas Dé Céadaoin, an 25 Samhain 2020, ag 12 meánlae.
Tá Scoláireacht Taighde Iarchéime SmartBay Ireland arna mhaoiniú ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Údarás na Gaeltachta, Foras na Mara agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).
CRÍOCH
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Josephine Kelly, Oifigeach Teagmhála Pobail, SmartBay Ireland
Comhpháirtithe an Tionscadail:
SmartBay Ireland
Tacaíonn SmartBay Ireland le bainistiú, feidhmiú agus cur chun cinn áis Tástála agus Léirithe Náisiúnta Mhuirí na hÉireann chun braiteoirí agus gléasanna fuinnimh in-athnuaite a thástáil agus a bhailíochtú. Tacaíonn an chuideachta le comhordú Ghréasán Tionscail Mhuirí na hÉireann (MIIN), seachadadh raon tionscadal arna maoiniú ag an Eoraip, déanann sí imeachtaí agus ceardlanna a chomhordú agus cuireann sí tacaíocht idirchaidrimh áitiúil ar fáil.
Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (GMIT)
Cuireann GMIT cúrsaí bunchéime agus iarchéime ar fáil ag a cúig champas in iarthar na hÉireann; Bóthar Bhaile Átha Cliath agus Bóthar Mhuine Mheá i gcathair na Gaillimhe, Caisleán an Bharraigh i gCo. Mhaigh Eo, Leitir Fraic agus an Creagán i gCo. na Gaillimhe, le tacaíocht óna hionaid taighde agus Moil Nuálaíochta. Is í an Dr Orla Flynn ceannasaí na heagraíochta, agus í i gceannas ar phobal de 700 ball foirne agus 7,000 mac léinn ar fud an réigiúin.
Cuireann an Institiúid breis agus 100 cúrsa CAO ar fáil i dTalmhaíocht, Gnó, Ríomhaireacht & Eolaíocht, Dearadh & na hEalaíona Cruthaitheacha, Dearadh Troscáin & Teicneolaíocht, Óstán & Turasóireacht, Altranas & Cúram Sóisialta, agus Oideachas Allamuigh, mar aon le cúrsaí oiliúna Springboard agus cúrsaí iarchéime, go leor acu ar fáil ar líne. Bíonn gné láidir phraiticiúil ag baint le cúrsaí bunchéime GMIT mar aon le taithí oibre creidiúnaithe.
Déanfaidh GMIT agus a comhpháirtithe, IT Shligigh agus IT Leitir Ceanainn (Comhaontas Chonnacht-Uladh (CUA)) níos déanaí i mbliana aighneacht fhoirmeálta chuig an ÚAO ag lorg ainmniúchán Ollscoile Teicneolaíochta, ag freastal ar réigiún an Iarthair agus an Iarthuaiscirt.
Údarás na Gaeltachta
Is é Údarás na Gaeltachta an t-údarás réigiúnach atá freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta. Ag ceiliúradh 40 bliain ó bunaíodh in 1980 é, is é an bunchuspóir atá ag Údarás na Gaeltachta ná a chinntiú gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga pobail sa Ghaeltacht agus go mairfidh sí i measc na nglúnta atá le teacht. Déanann Údarás na Gaeltachta a dhícheall an cuspóir sin a bhaint amach trí raon leathan de thionscnaimh forbartha fiontraíochta agus cruthú fostaíochta agus trí thacú le gníomhaíochtaí straitéiseacha teanga, cultúrtha agus pobalbhunaithe.
Foras na Mara
Is é Foras na Mara an ghníomhaireacht Stáit atá freagrach as taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht na mara in Éirinn. Bíonn Foras na Mara i mbun suirbhéanna agus cláir mhonatóireachta timpeallachta, iascaigh agus uisceshaothraithe chun cloí leis na riachtanais dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ag Éirinn. Cuireann an Foras comhairle eolaíoch agus theicniúil ar an Rialtas chomh maith, chun bonn eolais a chur faoi bheartais agus chun tacú le forbairt inbhuanaithe acmhainn mhara na hÉireann. Tá sé mar aidhm ag Foras na Mara oidhreacht uathúil mhuirí na hÉireann a chosaint trí thaighde agus monatóireacht timpeallachta. Tacaíonn a thaighde, cláir straitéiseacha mhaoinithe, agus ardáin taighde náisiúnta mhuirí le forbairt gheilleagar muirí na hÉireann.
Cuirtear Scoláireacht Iarchéime Taighde SmartBay Ireland/GMIT ar fáil le tacaíocht ó Fhoras na Mara faoin gClár Taighde Muirí arna mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann.
Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)
Is é SEAI údarás náisiúnta fuinnimh na hÉireann agus cuireann sé réitigh chuí, éifeachtacha agus inmharthana a ar fáil chun cuidiú le hÉirinn aistriú i dtreo todhchaí glan fuinnimh, agus déanann sé infheistíocht iontu chomh maith. Oibrímid leis an Rialtas, le húinéirí tí, gnólachtaí agus pobail chun é seo a bhaint amach, trí shaineolas, maoiniú, cláir oideachais, comhairle beartais, taighde agus forbairt teicneolaíochtaí nua. Tá SEAI arna mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann.